Co-chànan/ Comhtheanga: Scottish/ Irish Gaelic Residency

Co-chànan/Comhtheanga: Cónaitheacht do Scríbhneoirí Gaeilge/Gàidhlig na hAlban

Cuireann Moniack Mhor fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí aitheanta a shaothraíonn i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban don chónaitheacht Co-chànan/Comhtheanga: cónaitheacht hibrideach dhigiteach agus ar an láthair ina dhéanfar iniúchadh ar an gcaidreamh cruthaitheach idir an dá theanga agus a chruthóidh naisc idir pobail labhartha Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban.

Glacfaidh scríbhneoir Gaeilge amháin agus scríbhneoir Gàidhlig amháin páirt i gCónaitheacht Idirnáisiúnta Moniack Mhor i Meán Fómhair 2024. Tabharfar deis dóibh a gcleachtas cruthaitheach a fhorbairt i gcuideachta scríbhneoirí ón Úcráin, as Albain agus Aotearoa, agus in éineacht le Comhalta Jessie Kesson Moniack Mhór 2024.

Roimh thús na cónaitheachta, buailfidh nascríbhneoirí rannpháirteacha le chéile ar líne chun deis a thabhairt dóibh a gcuid oibre a roinnt lena chéile agus téamaí na hoibre i gcomhar a bheidh ar siúl acu a phlé. Ina dhiaidh sin, déanfar na téamaí comhoibríocha seo a fhorbairt i gceardlann a chuirfear ar fáil do dhaoine óga i nGarbhchríocha na hAlban agus in Éirinn trí Zoom i Meán Fómhair. Tar éis na cónaitheachta, déanfaidh na scríbhneoirí a gcuid oibre a léiriú agus a phlé ag ócáid ar líne a bhfreastalóidh daoine de phobail labhartha Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban uirthi.


Tá an chónaitheacht Co-chànan/Comhtheanga oscailte d’fhilí, do scríbhneoirí ficsin agus neamhfhicsin, do dhrámadóirí, do scríbhneoirí scripte scannáin, agus do chumadóirí amhrán.  (Tá tuilleadh eolais faoi na critéir incháilitheachta le fáil anseo thíos). Áirítear leis an gclár:

  • Cónaitheacht choicíse in Ionad Scríbhneoirí Moniack Mhor ón 2 Meán Fómhair – an 14 Meán Fómhair 2024
  • Léiriú ag léamh beo scríbhneoirí cónaithe idirnáisiúnta ag ionad Moniack Mhor
  • Cruinnithe ar líne roimh thús na cónaitheachta
  • Ceardlann ar líne/ar an láthair do dhaoine óga i nGarbhchríocha na hAlban agus in Éirinn a chur ar fáil in éineacht leis na scríbhneoirí cónaithe eile
  • Léamh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i gcomhrá poiblí chun clabhsúr a chur leis an gcónaitheacht i nDeireadh Fómhair/Samhain
  • Costais taistil go Moniack Mhor, lóistín, agus bia
  • Stipinn £1000 an duine

Tá an chónaitheacht seo maoinithe go flaithiúil ag Bòrd na Gàidhlig agus ag Foras na Gaeilge trí Chiste Cholmcille.

Incháilitheacht

Tá an chónaitheacht seo oscailte d’fhilí, do scríbhneoirí ficsin agus neamhfhicsin, do dhrámadóirí, do scríbhneoirí scripte scannáin agus do chumadóirí amhrán a shaothraíonn i nGaeilge nó i Gàidhlig na hAlban. Le bheith incháilithe don chónaitheacht seo, ní mór d’iarratasóirí mórshaothar amháin ar a laghad a bheith foilsithe acu le teach foilsitheoireachta sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn (mar shampla, úrscéal amháin, cnuasach gearrscéalta amháin, paimfléad nó cnuasach filíochta amháin, albam amháin, nó léiriú proifisiúnta amháin dá saothar ar an stáitse). Tá sé inmhianaithe freisin go mbeadh taithí ag iarratasóirí ar cheardlanna a chur ar fáil nó go mbeadh taithí acu ar a bheith ag obair le páistí agus le daoine óga. Tá an chónaitheacht oscailte do scríbhneoirí a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus in Albain, nó do scríbhneoirí Éireannacha agus Albanacha a bhfuil cónaí orthu in áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe. Clúdóidh an chónaitheacht costais taistil laistigh den Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn. Fáiltímid go háirithe roimh iarratais ó dhaoine atá faoi ghannionadaíocht i saol na scríbhneoireachta.


Iarratas a dhéanamh

I measc an phainéil don chónaitheacht seo beidh na scríbhneoirí Kevin MacNeil agus Róisín Costello ag feidhmiú ar son Bòrd na Gàidhlig, Fhoras na Gaeilge, agus Moniack Mhor. 

Le hiarratas a dhéanamh, seol doiciméad amháin (i bhformáid Microsoft Word más féidir, ach glactar le Pages agus le PDF freisin):

I mBéarla:

  • CV gairid a luann aon taithí atá agat ar a bheith ag obair le daoine óga agus/nó le grúpaí pobail.
  • Litir chumhdaigh a léiríonn do cháilíochtaí don chomhaltacht agus conas a rachadh sé chun tairbhe do chuid oibre.

I nGaeilge nó Gàidhlig:

  • Sampla de do shaothar (2,000 focal ar a mhéad, nó 6 leathanach filíochta – línte dhá spás agus an t-ábhar clóite ar thaobh amháin den leathanach)
  • Bheimis buíoch díot freisin dá mbeifeá in ann ár bhFoirm Mhonatóireachta ar Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chomhlánú, link to online form here. Bailítear an t-eolas san fhoirm seo go hanaithnid.

Beifear ag glacadh le hiarratais ó Dé Luain, an 15 Aibreán 2024 go 23:59, 10 Bealtaine 2024. Cuirfear toradh an phróisis iarratais in iúl do gach iarratasóir faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2024.

Ba chóir iarratais a sheoladh tríd an ríomhphost chuig: residencies@moniackmhor.org.uk agus na focail Co-chànan/Comhtheanga a bheith luaite sa líne ábhair. Gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch ina ndeimhneofar go bhfuarthas d’iarratas.  Déan teagmháil linn ar info@moniackmhor.org.uk i gcás nach bhfaighidh tú an freagra uathoibríoch sin. (Seiceáil d’fhillteán turscair nó dramhphoist ar dtús.)

Is féidir iarratais a chur isteach tríd an bpost chuig Moniack Mhor Creative Writing Centre, Teavarran, Kiltarlity, Inverness-shire IV4 7HT. Iarrtar ort a chur in iúl dúinn tríd an ríomhphost nó ar an bhfón má roghnaíonn tú iarratas a chur isteach tríd an bpost.

Má bhíonn aon cheist eile agat maidir leis an gcónaitheacht seo, déan teagmháil linn ag residencies@moniackmhor.org.uk nó glaoigh ar 01463 592 828.

Comments are closed.